Dáil Éireann - Volume 398 - 02 May, 1990

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Staid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

4. D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach an bhfuil a fhios aige go gceapann saineolaithe teanga nach mairfidh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha sa Ghaeltacht go deireadh an chéid seo; agus, má tá a fhios sin aige, an bhfuil aon bheartas tarrthála dhá thabhairt chun cinn aige le meath an Gaeilge sa Ghaeltacht a stopadh.

Mr. Gallagher: Is eol dom go bhfuil tuairimí mar sin nochtaithe ag saineolaithe áirithe thar na blianta agus, cé gur mhaith linn go léir go mbainfí níos mó úsáide as an nGaeilge mar ghnáth-theanga labhartha sa Ghaeltacht, táim dóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge mar ghnáthmeán cumarsáide inti.

Tá caomhnú na Gaeilge mar ghnáth-theanga labhartha mar bhun-aidhm ag na scéimeanna éagsúla atá á reachtáíl ag mo Roinnse agus ag Údarás na Gaeltachta agus táim sásta tríd is tríd go bhfuil ag éirí leo san aidhm sin.

Ar ndóigh, is ar phobal na Gaeltachta cuid mhór a bhraitheann slánú na Gaeilge mar theanga labhartha. Cabhraíonn mo Roinnse le pobail Ghaeltachta pleananna Gaeilge a ullmhú agus a fheidhmiú agus spreagtar iad freisin trí na comórtais forbartha pobail atá á reachtáil ag Údarás na Gaeltachta.

Tá céimeanna breise glactha le tamall de bhlianta anuas chun cosc a chur le meath na Gaeilge sa Ghaeltacht. Mar shampla amháin de sin, tá cúnamh bliantúil á chur ar fáil anois d'Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta — eagraíocht chomhdhéanta de mhúinteoirí agus tuismitheoirí — atá ag iarraidh tuiscint níos fearr a thabhairt do thuismitheoirí agus daltaí sa Ghaeltacht faoi thábhacht a dteanga féin.

[382] I ndáilcheantar an Teachta féin, i gcathair na Gaillimhe, tá cúnamh speisialta á chur ar fáil i mbliana d'fheachtas chun áit níos feiceálaí a thabhairt don Ghaeilge i ngnéithe éagsúla de shaol na cathrach agus táim cinnte, má éiríonn leis an bhfeachtas sin, go gcabhróidh sé go mór le íomhá phobal Gaeltachta Chonamara.

Níl aon amhras freisin ach go gcabhróidh an fhorbairt a dhéanfar amach anseo ar an tseirbhís teilifíse trí Ghaeilge le staid na Gaeilge a neartú sa Ghaeltacht.

Mr. M. Higgins: Tá mé sásta go bhfuil an tAire Stáit dóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge, ach ní féidir liom glacadh leis. Is é an fáth gur ardaigh mé an cheist ná go raibh a fhios agam go raibh leabhar á fhoilsiú, is é sin an leabhar a foilsíodh an tseachtain seo caite ag Reg Hinley, dar teideal “The Death of the Irish Language — A Qualified Obituary”. Deirtear, mar shampla, sa leabhar: “I am sure that over-attention to second language learning of Irish in the schools has deluded most Irish people into an unawareness that the native language is on the brink of extinction”.

Chomh maith leis sin, sa tuarascáil a chuir Bord na Gaeilge ar fáil anuraidh, “The Irish Language in a Changing Society”, ar leathnach 101, deirtear:

Thus we come back to a central thesis in the report: there is need for a major and comprehensive State initiative in the development of bilingual policy and, in the specific case of the Gaeltacht, State agents should work in line with State views, values and commitments.

Cad iad na moltaí nua atá ar fáil ó Roinn na Gaeltachta? Mar shampla, seo ceist, agus is maith an rud go bhfuil an tAire Oideachais i láthair, cén fáth nach leantar le scéimeanna atá ar fáil do dhéagóirí ón Ghalltacht atá ag caitheamh ama i rith an tsamhraidh sa Ghaeltacht——

An Ceann Comhairle: Tá na ceisteanna an-fhada.

[383] Mr. M. Higgins: Cén fáth nach bhfuil na háiseanna sin ann do dhaoine óga na Gaeltachta?

Mr. Gallagher: Tá a fhios agam gur láinseáladh an leabhar, “The Death of the Irish Language — A Qualified Obituary”, an tseachtain seo caite. Caithfidh mé a rá, áfach, tar éis cuairteanna a thabhairt ar na ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre, nach féidir liom aontú leis an tuairim sin. Sular thug mé cuairt ar na ceantair Ghaeltachta seo cheap mé go raibh áiteanna imeallach go leor ó thaobh na Gaeilge de, ach caithfidh mé a rá go raibh mé tógtha go mór le caighdeán na Gaeilge sna ceantair ar thug mé cuairt orthu. Chun dáiríreacht an Rialtais a thaispeáint, i mbliana, tá ardú de 27 faoin gcéad faighte ag Roinn na Gaeltachta ón Rialtas. Tá ardú suntasach faighte ag Bord na Gaeilge agus ag na heagraíochtaí éagsúla.

Déanann Roinn na Gaeltachta gach iarracht chun cuidiú leo. Bíonn cainteanna againn leis an Aire Oideachais maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Tá sé mar aidhm againn uilig sa Teach seo an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt, ach níl sé éasca. Ní hé airgead amháin freagra na ceiste sin. Is é spiorad na ndaoine an freagra. Tá mise, a bhfuil cúraimí na Gaeilge agus na Gaeltachta orm, ag déanamh mo dhícheall gach tacaíocht a thabhairt do na daoine chun iad a mhealladh agus, leis an teorainn airgid atá againn, chun na háiseanna sin a luaigh an Teachta Higgins, a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Mr. M. Higgins: Chuir mé ceist dhíreach faoi scéimeanna do na glúnta óga sa Ghaeltacht, rud atá an-tábhachtach. Ba mhaith liom a fhiafraí arís cad iad go díreach na scéimeanna atá curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta nó ag an Roinn Oideachais do dhéagóirí na Gaeltachta, is é sin na scéimeanna atá ar fáil do dhaoine atá ag teacht isteach chun na Gaeltachta i rith an tsamhraidh. Cén fáth nach bhfuil scéimeanna a bhfuil baint acu le caitheamh aimsire agus mar sin ar fáil do mhuintir óg na Gaeltachta atá faoi bhrú ón mBéarla.

[384] Mr. Gallagher: Téann gach duine sa Ghaeltacht ar scoil náisiúnta. Tá áiseanna mar sin le fáil ag scoileanna an dara leibhéil le haghaidh daltaí na scoileanna sin. Má tá moltaí ag an Teachta Higgins, beidh mé sásta go maith iad a phlé agus b'fhéidir go mbeidh ar ár gcumas na moltaí a chur i gcrích.

Mr. McGinley: Sílim go bhfuil aontú coitianta i ngach páirt den tír go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú sna Gaeltachtaí i láthair na huaire. Sin an fáth go bhfuil mé féin agus an Teachta Higgins agus daoine eile chomh mór ar mhaithe go mbeadh seirbhís theilifíse curtha ar fáil gan mhoill, a rachadh i gcionn ar mhuintir óg na Gaeltachta a bhfuil an Teachta ag déanamh tráchta dó. Agus é sin ráite, ba mhaith liom a fhiafraí den Aire Stáit, an n-aontaíonn sé go bhfuil na scéimeanna sprioca Gaeilge atá ina Roinn le blianta fada, chomh héifeachtach anois agus a bhí san am a chuaigh thart. Agus an bhfuil sé ar intinn aige aon leasú nó aon athrú a dhéanamh orthu fá choinne iad á dhéanamh níos éifeachtaí do shaol an lae inniú?

Mr. Gallagher: Bím ag scrúdú na scéimeanna seo ó am go ham, ach níl mé ach tamall gearr sa Roinn agus bhí go leor le déanamh, agus tá go leor le déanamh. Ní féidir le hAire ar bith a rá go bhfuil sé sásta go bhfuil na scéimeanna atá ann le blianta fada éifeachtach nó nach bhfuil. Tá scrúdú á dhéanamh agam faoi láthair agus más féidir liom feabhas a chur ar na scéimeanna agus a ndéanamh níos éifeachtaí, beidh mé sásta sin a dhéanamh.

Mr. Browne (Carlow-Kilkenny): Ní ar an gcóras atá an locht ar fad ach ar na leabhair atá á staidéar acu sna ranganna Ghaeilge. Tá Fiannaíocht ar siúl fós, tá Oisín ag rith i ndiaidh duine éigin, agus Oisín i ndiaidh na Féinne a bheidh ann i gcónaí sa teanga mura dtagann athrú faoi mar atá sa Ghearmáinis agus sa Fhraincis: bíonn nuacht acu agus bíonn ábhair nua agus rudaí toipiciúla acu. Níl suim ar bith ag páistí na hÉireann sna rudaí atá á léamh acu. Níl aon athrú ann.