![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 373 - 03 June, 1987 Written Answers. - Deontais Tithíochta Gaeltachta. Proinsias De Rossa Proinsias De Rossa 42. D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Taoiseach cad iad na ceantair i gContae Phort Láirge atá sa Bhreac-Ghaeltacht; agus cad iad na coinníollacha faoina gcáilíonn daoine sna ceantair sin do dheontais tithíochta Gaeltachta atá fós i bhfeidhm. Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta (Mr. D. Gallagher) Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta (Mr. D. Gallagher) Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta (Mr. D. Gallagher): Tá na ceantair i gContae Phort Láirge a shonraítear mar Ghaeltacht chun críche deontais tithíochta luaite sa Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe (Gaeltacht), 1929, arna leasú ag Acht na dTithe (Gaeltacht), (Leasú), 1959. Chun deontas a thuilleamh faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929-1979, ní mór d'iarratasóir an Roinn a shásamh gurb í an Ghaeilge gnáth-theanga a theaghlaigh agus go bhfuil gnáthchónaí air sa Ghaeltacht. 321 I gcás iarratasóra ar dheontas i leith tí nua i gceantar Gaeltachta atá lasmuigh de na limistéirí a shonraítear in Orduithe [321] na Limistéar Gaeltachta, 1926-1982, ní mór an Roinn a shásamh freisin go bhfuil cónaí ar an iarratasóir sin i sean teach atá neamhoiriúnach ar fad chun cóiríocht cheart shláintiúil a thabhairt dó féin agus dá chúram agus go mbeadh i gceist an teach nua a thógáil in ionad an tseantí sin. Dáil Éireann 373 Written Answers. Deontais Tithíochta Gaeltachta. Questions 19870603
| ||||||||||||||||||||||