![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 373 - 03 June, 1987 Written Answers. - Deontas do Iascairí. Proinsias De Rossa Proinsias De Rossa 41. D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Taoiseach cad é an cúnamh airgid atá le fáil ó Roinn na Gaeltachta ag iascairí chun a gcuid bád a cheannach; an eol dó nach gcáilíonn iascaire don deontas seo muna gceannaítear an bád trí BIM; agus an bhfuil aon socrú déanta chun an deontas a íoc nuair nach mbíonn airgead ag BIM i mbliain áirithe ach gur féidir le iascaire bád a cheannach trí chomhlacht airgeadais. Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta (Mr. D. Gallagher) Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta (Mr. D. Gallagher) Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta (Mr. D. Gallagher): Is deontas forlíontach anuas ar dheontas ó Bhord Iascaigh Mhara atá iníoctha faoi Scéim na mBád Iascaigh atá á reachtáil ag Roinn na Gaeltachta agus ní féidir an deontas sin a íoc nuair nach bhfaigheann iarratasóir bundeontas ón mBord sin. £5,000 an deontas uasta atá ar fáil faoin scéim. Dáil Éireann 373 Written Answers. Deontas do Iascairí. Questions 19870603
| ||||||||||||||||||||||