![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 290 - 12 May, 1976 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionsclaíocht Mhaigh Eo. Mr. Gallagher Mr. Gallagher 9. D'fhiafraigh Mr. Gallagher d'Aire na Gaeltachta céard iad na tionscail atá curtha ar fáil ag Gaeltarra Éireann i gCeathrú Thaidhg, Ros Dumhach agus Poll a' Tómais i dtuaisceart Mhaigh Eo; agus cé mhéad duine atá fostaithe sna tionscail sin. Mr. O'Donnell Mr. O'Donnell Mr. O'Donnell: Tá an t-eolas i bhfoirm tábla agus, le cead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é. Seo a leanas an t-eolas a fuarthas ó Ghaeltarra Éireann—
Chomh maith leis sin, déanann roinnt mhaith ban sa cheantar lámhchniotáil sa bhaile do Ghaeltarra Éireann. Mr. Gallagher Mr. Gallagher Mr. Gallagher: An bhfuil sé fíor gur cniotáil is mó atá ar siúl ins na tionscail seo, agus an fíor é go bhfuil cuid de na daoine ag cailliúint oibre san áit? An bhfuil sé ar intinn ag an Aire aon rud a dhéanamh chun cuidiú leis na tionscail sin? Mr. O'Donnell Mr. O'Donnell Mr. O'Donnell: Tá an t-eolas sa tabla. Tá eolas ann i dtaobh na dtionscal atá ag Gaeltarra féin, agus tá tionscail ag cabhrú leo, ins na háiteanna seo: Ceathrú Thaidhg, Poll a' Tomáis, Béal Deirg, Inbhear, Port Durlainne, Cill a' Cailleagáin. Ón eolas atá agam, tá 60 daoine fostaithe sna tionscail ansin. Dáil Éireann 290 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. Tionsclaíocht Mhaigh Eo. Questions 19760512
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||