![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 287 - 04 February, 1976 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cúrsaí Tithíochta. Mr. Molloy Mr. Molloy 28. D'fhiafraigh Mr. Molloy d'Aire na Gaeltachta an mbeadh sé sásta an deontas tithíochta sa Ghaeltacht a ardú ó £800 go £1,600. Mr. Molloy Mr. Molloy 29. D'fhiafraigh Mr. Molloy d'Aire na Gaeltachta an mbeadh sé sásta iasachtaí chun tithe a fheabhsú a ardú ó £800 go £2,000. Mr. Kelly Mr. Kelly Mr. Kelly: Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceisteanna a 28 agus a 29 le chéile. Faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) bíonn iasacht, nach mó ná méid an deontais, le fáil chun teach cónaithe a thógáil nó a fheabhsú nó a mhéadú do chuairteoirí. Ardaíodh na deontais agus na hiasachtaí cúpla bliain ó shin agus níl i gceist iad a mhéadú arís ag an bpointe seo. Mr. Molloy Mr. Molloy Mr. Molloy: Nuair a chuirtear méadú beagnach 100 faoin gcéad ar chostaisí tógála san áireamh ins na trí bliana atá caite ó cuireadh na deontaisí seo anáirde, sé sin, Eanáir, 1973, cén chaoi ar féidir an cás a dhéanamh gan deontas a ardú anois chun cabhrú leo siúd sa Ghaeltacht a dteastaíonn uathu tithe a thógáil dóibh féin? Mr. Kelly Mr. Kelly Mr. Kelly: Tuigim gurab é atá i gceist ag an Aire agus ag an Rialtas srian éigin a choinneáil ar chostaisí Stáit ar fad. Ach cuirfidh mé imní an Teachta in iúl don Aire. Mr. Molloy Mr. Molloy Mr. Molloy: An bhfuil a fhios ag an Rúnaí Parlaiminte cé mhéid airgid a chaitear sa bhliain faoin teideal seo faoi Roinn na Gaeltachta? Mr. Kelly Mr. Kelly Mr. Kelly: Níl. Mr. Molloy Mr. Molloy Mr. Molloy: Ní chuireann sé isteach ar chostas nó caiteachas iomlán an Rialtais. Níl ann ach suim an-bheag ar fad. Mr. Kelly Mr. Kelly 1153 [1153] Mr. Kelly: Sin an rua. Mr. Molloy Mr. Molloy Mr. Molloy: Sí an cheist a theastaíonn uaim a chur ar an Rúnaí Parlaiminte ná ceist faoi pholasaí an Rialtais seo i leith na Gaeltachta—— An Ceann Comhairle Seán Treacy An Ceann Comhairle: Sin ceist eile. Mr. Molloy Mr. Molloy Mr. Molloy: ——agus ó thaobh na tithíochta dhe. An é polasaí an Rialtais anois go mba chóir do mhuintir na Gaeltachta—— An Ceann Comhairle Seán Treacy An Ceann Comhairle: Sin ceist eile. Mr. Molloy Mr. Molloy Mr. Molloy: Gabh mo leithscéal a Cheann Comhairle — iarratas a chur isteach chuig na comhairlí contae chun an teach a thógáil dóibh nó an bhfuil an sean-pholasaí a bhí ann faoi Fhianna Fáil cabhair a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta tithe a thógáil dóibh féin? Mr. Kelly Mr. Kelly Mr. Kelly: Níl an cheist sin rófhada amach ó cheantar na ceiste a chuir an Teachta síos agus níl a thuilleadh eolais agam faoin gceist seo i láthair na huaire ach cuirfidh mé in iúl don Aire gur chuir an Teachta an cheist breise sin. Mr. Molloy Mr. Molloy Mr. Molloy: Níl an freagra sásúil agus ba mhaith liom a chur in iúl don Rúnaí Parlaiminte go dteastaíonn uaim an rud seo a phlé. Mr. Kelly Mr. Kelly Mr. Kelly: Bhí sé ar chuid de na nuachtáin go raibh Aire na Gaeltachta as láthair, go raibh sé ar an MórRoinn, go raibh sé sa Bhruiséal agus b'fhéidir nach mbeadh an Teachta sásta le cibé freagraí a gheobhfadh sé uaimse nó ó Rúnaí Parlaiminte nó ó Aire ar bith eile agus go mbeadh sé sásta a chuid ceisteanna a chur siar go dtí go mbeadh an tAire ar ais ach ní dhearna sé sin. Tá brón orm nach bhfuil mé in ann a thuilleadh eolais a thabhairt. Mr. Molloy Mr. Molloy 1154 Mr. Molloy: Ní raibh a fhios agam go dtí gur léigh an Rúnaí Parlaiminte amach é cén freagra a bhí le tabhairt aige. Cheap mé go mb'fhéidir go mbeadh sé in ann scéala a thabhairt dúinn go raibh sé sásta na deontais seo a ardú. Os rud é nach raibh, an mbeadh an Rúnaí Parlaiminte sásta dá gcuirfimis an cheist ar athló go dtí an [1154] tseachtain seo chugainn nuair a bheadh an tAire anseo. Mr. Kelly Mr. Kelly Mr. Kelly: B'fhéidir gurb fhiú é sin a dhéanamh ó thaobh an Teachta féin. Dáil Éireann 287 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. Cúrsaí Tithíochta. Questions 19760204
| ||||||||||||||||||||||