Dáil Éireann - Volume 260 - 25 April, 1972

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leabhsú Bóithre.

16. Fiafraí Míchéal Ó Beaghlaoich d'Aire na Gaeltachta cad iad na bóithre atá beartaithe aige a fheabhsú i gCiarraí i mbliana.

Parliamentary Secretary to the Minister for the Gaeltacht (Mr. Kitt): Níl na bóithre sin tofa go fóill: is amhlaidh atáthar ag feitheamh le meastacháin ón gComhairle Chontae.