Dáil Éireann - Volume 158 - 26 June, 1956

Written Answers. - Leictreachas do Cheantar Líonáin.

D'fhiafraigh Gearóid Mac Pharthaláin den Aire Tionscail agus Tráchtála an dtig leis a rá cén uair a soláthrófar leictreachas do cheantar Líonáin.

Liam Ó Neachtain: Tá Bord Sóláthair an Leichtreachais tar éis a chur in iúl dom go bhuiltear ag súil go gcuirfear tús leis an obair chun leictreachais do sholáthair do cheanntar Líonáin roimh Deire Fomhair seo chugainn.