![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 154 - 22 February, 1956 Written Answers. - Deontas d'Inis Thoir. Gearóid Mac Pharthaláin Gearóid Mac Pharthaláin D'fhiafraigh Gearóid Mac Pharthaláin den Aire Rialtais Aitiúil an feasach dó i dtaobh an airgid atá ceaptha chun caoí a chur ar Chorr Ait, Inis Thoir, go mb'fhearr le muntir an oileáin go ndéanfaí fánán ag Poll na gCaorach i dtosach as an airgead sin agus an fuíollach, dá mb'ann dó, a chaitheamh ar Chorr Ait; agus, mura feasach dó é, an nglacfaidh se comhairle leo faoin rud a b'fhearr a dhéanamh. Pádraig Ó Domhnaill Pádraig Ó Domhnaill Pádraig Ó Domhnaill: Sarar ceadaíodh deontaisí le haghaidh an Phiara agus Corr Áit ar Inis Thoir, scrúdaíodh na saoráidí calaíochta ar fud an oileáin ar fad, agus saoráidí Pholl na gCaorach ina measc. Ó tharla nár ceadaíodh ach an méid is lú a dhéanfadh cúis ag Corr Áit, i fhéin, ní féidir bheith ag súil leis go bhféadfaí aon chuid den airgead sin a spáráil le haghaidh Poll na gCaorach. Dáil Éireann 154 Written Answers. Deontas d'Inis Thoir. Questions 19560222
| ||||||||||||||||||||||