![]() |
![]() |
|
Dáil Éireann - Volume 56 - 21 May, 1935 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tithe do Chriochnú. Risteárd Ua Maolchatha Risteárd Ua Maolchatha D'fhiafruigh Risteárd Ua Maolchatha den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadiad na bailelíomatáistí inar críochnuíodh um an 31/12/1934 tithe go mbaineann Alt 5 (1) (a) d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, leo; agus cadé an méid de sna tithe sin a críochnuíodh i ngach líomatáiste fé leith acu san (1) ag daoine príobháideacha agus (2) ag cumainn mhaitheasa puiblí. Risteárd Ua Maolchatha Risteárd Ua Maolchatha D'fhiafruigh Risteárd Ua Maolchatha den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadiad na tuathlíomatáistí inar críochnuíodh um an 31/12/1934 tithe go mbaineann Alt 5 (1) (a) d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, leo; agus cadé an méid de sna tithe sin do críochnuíodh i ngach líomatáiste fé leith acu san (1) ag daoine príobháideacha agus (2) ag cumainn mhaitheasa puiblí. Risteárd Ua Maolchatha Risteárd Ua Maolchatha D'fhiafruigh Risteárd Ua Maolchatha den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadiad na bailelíomatáistí inar críochnuíodh um an 31/12/1934 tithe go mbaineann Alt a 5 (1) (b) (i) d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, leo; agus cadé an méid de sna tithe sin do críochnuíodh i ngach líomatáiste fé leith acu san (1) ag daoine príobháideacha agus (2) ag cumainn mhaitheasa puiblí. Risteárd Ua Maolchatha Risteárd Ua Maolchatha 1290 D'fhiafruigh Risteárd Ua Maolchatha den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadiad na bailelíomatáistí inar críochnuíodh um an 31/12 1934 tithe go mbaineann Alt a 5 [1290] (1) (b) (ii) d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, leo; agus cadé an méid de sna tithe sin do críochnuíodh i ngach líomatáiste fé leith acu san (1) ag daoine príobháideacha agus (2) ag cumainn mhaitheasa puiblí. An tAire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí (Seán T. O Ceallaigh) An tAire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí (Seán T. O Ceallaigh) An tAire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí (Seán T. O Ceallaigh): Tabharfar freagra do cheisteanna 1—4 le cheile. Atáthar ag ollmhu na bhfigiúirí i dtaoibh na ndeontaisí do díoladh ar son tighthe do tógadh le daoinibh príobháideacha agus le cumannaibh maitheasa puiblí i rith na bliadhna a críochnuigheadh an t-aonmhadh lá tríochad de mhí Mhárta. Cuirfear cóip de na figiúraibh sin chum an Teachta chom luath agus bheidh siad réidh. Dáil Éireann 56 Ceisteanna—Questions. Oral Answers. Tithe do Chriochnú. Questions 19350521
| ||||||||||||||||||||||