Dáil Éireann - Volume 44 - 17 November, 1932

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Obair ar Bhoithre.

D'fhiafruighe Risteárd Ua Maolchatha den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfaidh sé cadé líon na bhfear a bhí ag obair fé gach ceann de sna Comhairlí Condae agus de sna Comhairlí Condae-Bhuirge ar bhóithre agus ar dhroichid i lár mí Abráin, Bealtaine, Meitheamh, Iúil, Lughnasa, Meadhon Fhoghmhair agus Deireadh Foghmhair, 1932.

Seán T. O Ceallaigh: Na figiúirí atá ag taisteál o'n dTeachta, cuirfidh mé chuige iad tríd an bpost, má bhíonn sé sásta leis sin.

Risteárd Uá Maolchatha: B'fheidir go gcuirfeadh an tAire na figúirí atá ag taisteál uaim isteach 'san Tuairisgabháil Oifigiúil?

Seán T. O Ceallaigh: Deirtear go bhfuil trioblóid i dtaobh san agus b'fheidir gur bhfearr dom iad do chur tríd an pPost chun an Teachta.

Risteárd Ua Maolchatha: Go maith. Cathain a cuirfear chugam iad?

Seán T. O Ceallaigh: I márach.